Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 417
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Cailín óg a bhí ar fástodh ag sean bhean agus ní rabh aon fhocal Béarla aici.”
Cailín óg a bhí ar fástodh ag sean bhean agus ní rabh an fhocal Béárla aice.Theagasc an t-sean bhean an méad seo Béarla díthe, le bhéith fíor úsaideach aice nuair a rachadh sí 'un a' tsiopa.(I) "Eggs"
(II) "Nine pence"
(III) "If you don't, some other one will"D'innis sí díthe nuair a chuirfeadh fear a' t-siopa ceist uirthi, goidé a bhí leithe, í a rád, "Eggs."Nuair a d'fhiafróchadh sé cá mhéad a bhí a dhith uirthi, rádh, "Nine pence."Da ndéirféadh sé na dtabhairfeadh seisean an oiread sin ortha ise é a fhreagradh;
"If you don't some other one will."Ce'n tádh a chasaidh uirthe ach oifigeach na sioth maoir, agus arsa seisean, "Good day."
"Eggs" arsa sise.
A dhuine na gcarad, arsa seisean "What do you mean?"
"Nine pence" arsa sise.
"Go sábhaluigh 'n Riogh muid, arsa seisean "I must arrest you"
"If you don't, some other one will, arsa sise
Fágfaidh muid mar sin iad.- Faisnéiseoir
- Anton Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall