Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 421
  3. XML “Scéilín”
  4. XML “Na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gabh Dubh a bhí ar an Dún ibhfad o shoin. Cé chuaidh isteach 'un na cearcha ach buachaill beag seanaimsire. Bhí iarann té i lár na teineadh agus dhearc an gasur air.
    "Bhéirfidh mé sé pighne duit," arsan gabh, "mo ligheann tú an t-iarann é."
    "Tabhair damh an bonn se pighne, ar dtús," ar sé agus deanfaidh mé sin."
    Thug seisean do'n bhonn. Lighe an gasur é. Cuir ina phóca e, agus as go bráthach leis.

    Séamus O Gallchobhair (Seoladh ceadna)
    O na mháthair a fuair sé an sgéílín seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Duibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dún, Co. Dhún na nGall
  2. Maidin earraigh, ta dhá fhicid bliadhain o shoin, bhí m'uncal, Padraig, ag gabhail go dtí Rath-Malltáin, - go ndeanfaidh Dia trocaire ar a anam.
    Bhí sé ag gabhail go luath ar maidin fa choinne lod cocháín. Ar a bealach comgarach do Leac s -Locháín chonnaic sé cruinniú mór sideóg ag damhsa agus ag gabhail ceola.
    Bhí siad coirighthe ins an éideadh - bfíor dheirge da bfaca súil ariamh. Sheasuigh sé bomaite ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.