Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Beirt Fhear Dhall

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Aon nDomhnach amhain san t-samhradh bhí sagart ag leigeadh Aifrinn i dtoigh phobail i gCondae Thír Eoghain. Taobh amuigh de'n seipeal bhí beirt fhear dall agus buachaill óg ag paidrigheacht. Thúsaigh an bheirt fhear agcainnt fa airgead agus dúbhairt fear aca leis an fhear eile go rabh lón ar dóigh aige i bhfolach in a bhearadh oidhche. Bhí an óig-fear ag éisteacht leobhtha agus i mbomaite sgiob sé leis an bearadh oidhche ó'n tsean-fhear agus as go brathach leis abhaile.
Thúsaigh an bheirt fhear dall ag diopóireacht agus b'éigean do'n t-sagart an tóir a chur ortha. Bliadhain agus an t-am sin bhí feirm talaimh da dhíol i aice an t-Srathbán agus cheannuigh an buachaill seo e a ghoid an bearad oidhche ón t-sean-fhear. Chuir sé suas teach deas comhnuidhe annsin. Bhí iongantas ar gach duine caide mar fuair sé an tairgead mar bhí sé bocht go leor roimhe sin.
Aon lá amháin bhí an fear óg ag deanamh bealaigh úr suas go dtí 'na toighe comhnuidhe. Thainic sagart na paróisde thart an cosan sin agus dhearc sé ar an fheirm bhreagh talaimh agus ar an teach deas sglataí. Chí rabh a leithead eile

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire P. Ní hAelfeartaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Cathal Ua Gallchobhair
Inscne
fireann
Seoladh
Loughaskerry, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge