School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 325
  3. XML “Beirt Fhear Dhall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon nDomhnach amhain san t-samhradh bhí sagart ag leigeadh Aifrinn i dtoigh phobail i gCondae Thír Eoghain. Taobh amuigh de'n seipeal bhí beirt fhear dall agus buachaill óg ag paidrigheacht. Thúsaigh an bheirt fhear agcainnt fa airgead agus dúbhairt fear aca leis an fhear eile go rabh lón ar dóigh aige i bhfolach in a bhearadh oidhche. Bhí an óig-fear ag éisteacht leobhtha agus i mbomaite sgiob sé leis an bearadh oidhche ó'n tsean-fhear agus as go brathach leis abhaile.
    Thúsaigh an bheirt fhear dall ag diopóireacht agus b'éigean do'n t-sagart an tóir a chur ortha. Bliadhain agus an t-am sin bhí feirm talaimh da dhíol i aice an t-Srathbán agus cheannuigh an buachaill seo e a ghoid an bearad oidhche ón t-sean-fhear. Chuir sé suas teach deas comhnuidhe annsin. Bhí iongantas ar gach duine caide mar fuair sé an tairgead mar bhí sé bocht go leor roimhe sin.
    Aon lá amháin bhí an fear óg ag deanamh bealaigh úr suas go dtí 'na toighe comhnuidhe. Thainic sagart na paróisde thart an cosan sin agus dhearc sé ar an fheirm bhreagh talaimh agus ar an teach deas sglataí. Chí rabh a leithead eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire P. Ní hAelfeartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Knocknabollan, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Loughaskerry, Co. Donegal