Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Taiseanna na mBeo”
  4. XML “Solais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a fheucailt agus an té sin beo. Comhartha é go bhfuil an doíne sin le bás a fhghail in am aitghiorrach. Ní mar seo atá igcomhnuidhe no thá sé raidhthe fa saoine go bfachtas a taidhbhse fada o shoin agus gur thug siad saoghail fada leo.
    Seo sgéal a fuair mé ó seanduine sa bhaile -:
    Bhí bhí fear ann ta cupla bliadhain o shoin ag ba gnáthach leis teach biotailte a coinneailt. Bhí dhá teach aige, teach comhnuidhe agus teach biotailte. Bhí teach an biotailte tuairm as leath míle ar siubhal ón teach éile. Achán mhaidín théighead sé go dtí teach na biotailte agus d’faneochadh sé annsin go dtí an naoi a clog san oidhche. Maidín amháin nuair a bhí sé ag gabhail go teach na biotailte connaicteaf é na seasamh ar ardán ins an am ceadna. Deirtear fosta dá gcasaidhe taidhbhse duine beo ort go rachfadh sé fríd. Corr uair cluinntir fa cnag a bualad an doras caoinead direach sul a bfagann duine bás de’n teaglach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Solus.
    Sé athá i gceist aigainne solus nach bhfuil saoghalta agus a taedeann anonn agus anall indiaidh na hoidhche. Deirtear gur comhartha e seo go bfuil duine ag gabail na bhFlaitheas. Ta morán sgealtaí i dtaoibh de solus ins an cheanntair seo.
    Seo ceann a cuala mé ag seanduine atá na comnuide ag mo taoibh. Bhí fear ann agus ba gnathach leis a gabhail a airnéal achán oidhche. Bheireadh sé a gearrain iarainn gac uile oidhche. Oidhche amháin smaointigh sé a gabhail a dairneal, d’imthigh se leis ar an rothair agus [itratá]? meadhon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge