Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl lúb no léigeas in-aghaidh an bháis
    Níl mar shíltear a bhíthear
    Ní hé lá na gaoithe lá na sgolbh
    Ní thig leis an ghobadán an dá thráig a fhreastal
    Is fearr cú luach donna ná cú mall
    Cuir síoda ar ghabhair agus is gabair igcomhnuidhe é
    An rud atá indán duith níl dul thairis agat air
    Cáide a dheánfadh mac a chait ach luchóg a mharbhadh
    Philleann an fheall
    Muna bhfuil agat act pocán gabhair bí ilár an áonaig leis
    Is fearr cára sa chúirt na bonn sa sporán
    Ní thig leat an cnaiceann agus a luach a bheith agat

    Ní thigeann an sátach an seang agus ma thigheann ní in am(?)

    Ní hí an mhaoin a bearfhás idír tú gus na mealltar léite thú

    Ní dóige craicheann an t-sean chaoraig a bhéit ináraide no craiceann an uain óg

    An té a bíonn amuigh fuarann a chuid
    Ritheann éan as gach sgaoi

    Sé do mhac do mhac indiú ach sí do nigheann do nigheann go deó

    Is fearr rith máith na droch sheasamh
    Níl iseal no uasail ach tíos seal agus thuas seal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Canainn
    Inscne
    Fireann