Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Cora Cainte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá mé ag éisteacht le sin ó tháinig ann domh
    Cib’ ar b’olc air é.
    Tá suathadh bocht ort.
    Ni lugha orm an sioch nó é.
    Tá sé fann folamh.
    Tá deise a labhartha leis.
    Is maith an acfuinn fuacht atá agat.
    Tá croiceann circe air leis an fuacht.
    Tá an aois ag luighe air.
    Tá sé ag tuitim ar a bhata.
    Is beag is lugha orm no é.
    Tá luth na teangtach léithe.
    Thug se bruideadh domh.
    Bhruid sé me.
    Tá an áit na chiolar chiot agaibh.
    Tá sé na shuidhe go te.
    Thug sin an tsúil aniar agat.
    Is buntaisteach an duine é.
    Níl morán de bharr agat.
    Tá sé luaidhte le Maire’sa againne
    Duine luth inntineach é
    Buail cos ar sin
    Duine neimhnach go maith é
    Ní mhó nó gur fiú duit é
    Ta sliocht a codach air
    Beir uaim tú
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann