Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhide Fiadhaine
Madadh Ruadh. Brocaigh an t-ainm a tugthar ar an áit comhnuidhe a bhíonn ag an mhadhadh ruadh. Istoigh i gclochar an áit is rogha leis a chomnuidhe a dheanamh. Tá ainm rogantá ag an ainmhidhe seo. Chun a chlisteacht a chuir i gcéill tá an nathán seo imbéulaibh na ndaoine “Mas gastá an madadh ruadh beirfear san deireadh air” Beatadach conafach is ead an madadh ruadh. Deireann na daoine comh conafach le madadh ruadh imbrochaigh. Níl mórán dúil ag na daoine san beathadhach seo mar bheireadan sé ar shiubhal a gcuidh. Ní bhíonn an madadh ruadh ar a chois acht go luath ar maidín agus go mall san tráthnóna. Sé an rudh a thachtuigheann an madhadh ruadh an eanláith no gach beathadhach éile dá dtabhrann sé leis agus annsin bheireann sé leis iadh ar ghreim muinealá iad. Bheireann an madadh ruadh leis uain óga fósta on chnuic. Dá dtiochfadh an madhadh ruadh indiaidh na h-oidhche dheánfad sé iarracht dean leis an eanlaith a thabhairt leis. Nuair a bhéad an madadh ruadh comhgharach go leór dén éanlaith agus na h-eanlaith iad fhéin thuas ar aradh sé an rud a thosocad sé ag cheacht thart idtréo go dtiochfadh mearblán igceann an éanlaith agus thuitfead siad anuas. Thiocfadh leis an madadh ruadh anois greimh a shágáil ortha go socair agus iad a tabart leis. Ón méid seo thigh linn a fhéicheail comh glich agus tá madadh ruadh.