Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhaseanna
    Teachtaire beag ó theach go teach agus codlann sé amuigh san oidhche. = Casán.
    Ceitre ar rith agus ceithre ar críth beirt ag deanamh an eolais agus earbhail ar deireadh. = Bo.
    Tá sé comh cruinn le do duirn comh buidhe leir an óir agus cáide sin. = An ghrian.
    Théigheann sé thart ar an teach agus thart ar an teach agus fágann sé uibh ag achan dorás. = Sneachta.
    Toit ag leaghadh gan teinidh. = Ceo.
    Droichead ar loch gan máide gan chloch = Leach oidhre.
    Tá sé san abhainn agus ní bháidhtear é, tá sé san tsiopa is ní dhíolthar é agus tá sé sa choill is ní ghearrthar é. = Solus na gealaigh.
    Chuaidh dubh agus bán suas an cnoc d’fan a bán thuas agus tháinig an dubh anuas. = Cearc agus uibh.
    Théigheann sé tara an uisce agus faoi’n uisce is ní fhluichar é. Loch agus uibh ina tóin
    Ubhla buidhe i lár na coilleadh báine. = Meargan ime i lár na cuinnéoige.
    Níl sé amuigh agus níl sé istuigh = Fuinnéoig no dorás.
    Tá nidh nach dtig le Dia a deanamh. Dhá cnoc a déanamh gan gleann eatorra.
    Gearrán beag clibíneach donn siubhalann sí Éire is ní fliucheann sí bonn. = Beachóg.
    Rith mé agus fuair mé shuidh mé agus cuartughadh mé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann