Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Solais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Oidhche smaointhigh sé pilleadh arais na bhaile. Bhí sé tamaill mhaith san oidhche agus chonnaic sé an solus ag teacht aniar an pháirc. Bhí solus ag an fhear ar an rothar agus go direach nuair a bhí se ag gabhail síos an molaidh cuaidhe an solus a tháinig aniar an pháirc chuaidh sé frid an solus a bhí ag an fhear ar an rothar.
    Sé an nós atá ag na daoine san ceanntair seo a gabhail a d’airnéal ins an Geimhreadh agus fósta corr uair ins a Samhrad fosta. Oidhche amháin bhí fear a gabhail a d’airnéal darb ainm Seán. Cáitheadh sé a gabhail fríd gleann uaigneach go dtí an teach. Deirtear gurb’e an gleann a ba uaignigh san ceanntair seo. Siubhal sagart fríd am amháin agus nuair a bhí sé ag a bhun dubhairt se gur be an gleann is uaignighe dar siubhal sé ariamh agus dubhairt séo fósta gur siubhal sé morán áiteacha gur an gleann seo an ceann is measa dé’n iomlám. Shiubhal an fhear leis fríd go tapaidh agus mar buailfeá do dá bhóis ar a chéile leám a fear amach agus siubhal i gcuideachta Shéain go rabh sé ag an teach. Siubhal Séan isteach agus suidh an fear eile ar leic an doras. Táinig am luighe domhain agus samhaointhigh sé ar pilleadh na bhaile. Shiubhal amach ar doras leis. D’éirigh an fear a bhí na suidhe ar leic an doras agus shiubhal igcuideachta Séain arais go dtí an áit ceadna ar léim an fear sé amach chuaidh sé isteach arais. Nuair a bhí sé ag gabhail isteach d’amarc Seán ara cuid cosa agus bhí fíos aige gur be an diaghbhail a bí ann. Tarluigh an rud ceadna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge