Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faoi agus ceann os a cionn. Fuair sé ceann aca a thabhairt leis agus rinne sé giotaí de fa mhéid chiarsúir póca. Nuair a bhí an gnúth bruithte chuir sé cuid de isteach 'sna giotaí seo no gur líon sé duisín aca. Thug sé leis annsin iad agus d'fhág thíos ag taobh na bearnadh iad ar mhullach an chlaidhe.
Bhí go maith agus ní raibh go holc no go dtí maidin lá ar na bhárach thug Seán leis an t-eallach síos go páirc an Fhathaigh. Níorbh' fhada annsin é go dtainic an Fathach:
"A Sheáin," arsa'n fathach, "nach mór an croidhe duit do chuid eallaigh a chur isteach in mo pháirc. Thóg ort amach as sin iad no mairbhfidh mé thú; is beag mar dhá ghreim thú agus is mór liom mar greim thú!"
"Da mhéad thú," arsa Seán, "bíodh geall ort nach bhfuil tú chomh maith liomsa, no ní thig leat gnuth a bhaint as cloich"
Anonn le Seán agus bheir sé ar cheann de na cnapanna agus bhruigh amach gnuth as. Chuaidh an fathach anonn agus bheir ar chloich ach ní raibh sé ábalta a dhath a dhéanamh dhe. Dubhairt an fathach annsin go dtabhairfeadh sé isteach do sa chás sin. D'iarr an fathach air ansin a dhul chuige-san an oidhche sin a bhí chuca.
Chuaidh Seán síos agus chuir an fathach fáilte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall