Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roimhe. Chóirigh máthair an fathaigh leabaidh do Sheán sa choirneál. Bhí sé leagtha amach ag an fhathach Seán a chur 'un báis le buille d'órd mór i dtráthaibh an mheadhon-oidhche.
Roimhe an mheadhon-oidhche d'éirigh Seán agus chuaidh sé síos go bun an urláir agus thug leis giota adhmaid agus chuir sé isteach sa leabaidh é ina áit fhéin agus luigh sé fhéin thíos ag bun an urláir. D'éirigh an fathach thug leis an t-órd agus bhuail sé trí bhuille ar an adhmad. Chuaidh sé isteach a luighe agus dubhairt le n-a mháthair nach dtarraineochadh Seán morán ciceann (?) níos mo.
D'éirigh Seán thug lei an t-adhmad agus d'fhág ina áit fhéin agus luigh sé sa leabaidh. Nuair a d'éirigh an fathach ar maidin bhí iongantas agus uathbhas air nuair a chonnaic sé go raibh Seán ina shuidhe comh luath leis fhéin. "Ó," arsa'n fathach, "a mháthair tá Seán beo go fóill!"
"Tá (dearnaidhi) dearnadaí sa leabhaidh sin," arsa Seán; "bhuail ceann aca trí ghob orm aréir."
"Dearnadai!" arsa'n bhean, "níl ceann ar bith san áit seo!"
La ar na bhárach d'iarr an fathach ar Sheán a dhul amach ina chuideachta 'un na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall