Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séamus Ó Rabhartaigh. Leitir Catha, Clochán Liath a d'innisAodh Bán agus Séamus CrónBhí fear ina chomhnudihe i nÁrainn i bhfad ó shoin ar bh'ainm Séamus Crón. Fear cliste a bhí ann agus bhí sé an-mhór le fear eile as taobh Dún na nGall ar dtugtaí Aodh Bán Ó Domhnaill
Thainic Aodh Bán anuas ar cuairt am amháin chuig Shéamus Crón agus thárluigh sé go dtug na Sasanaigh ruaigh isteach na Rosann seal cuairte Aoidh Bháin. Thainic siad isteach bealach na fairrge agus thainic i dtír i nÁrainn fa choinne muintir Áranna uilig a mharbhadh. Chonnaic muintir Áranna iad ag teacht agus chuaidh siad i bhfolach i n-umhaigh na Rón, Chuartuigh na saighdiúraí an t-oileán ó cheann go cionn ach sháruigh ortha aon duine a fhághail.
Bhí soitheach de chuid na Sasanach ins an bháighe agus chonnaic fear de na saighdiúraí a bhí uirthí, chonnaic sé sean-bhean ag cur amach a cinn as an umhaigh. Tharraing siad ar an umhaigh agus níor imthigh a'n duine beo ortha ach Aodh Bán agus Séamus Crón agus marbhadh máthair Shéamuis i gcuideachta na muintire eile.
D'imthigh Aodh agus Séamus i gcurrach go dtí Inis Oileántraigh ar an taobh amuigh de'n Chruit. Thainic na Sasanaigh aniar ina ndiaidh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Rabartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall