Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 76

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 76

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 76
  3. XML “Iníon Rí na Fraince”
  4. XML “Ceathrar Mac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ingean an ríogh go mí-ionraice, fuair an t-Albanach an íoc céadhna. Ina dhiaidh sin rinneadh bainis a mhair seacht noidhche agus seacht lá eile agus pósadh an t-Éireannach agus inghean an ríogh.
    Samhain 1936
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ceathrar mac Ríogh na hÉireann
    Bhí rí i nÉirinn uair amháin agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh a dhath le deánamh ag na mic ach ag dul thart ach a’n lá a’ cathadh airgid go dtí go raibh an chuid is mó d’a cuid airgid a n-áthara caithte aca.
    Dubhairt an fear a ba sine gur cheart dóbhtha imtheacht agus fiachail leis an airgead a chaith siad a dheánamh suas arais. Bhí siad uilig sásta seo a dheánamh agus d’imthigh an triúr aca.
    Ní theachaidh siad i bhfad no go dtainic siad fhad le ceithre chrois-bhealach. Shuidh siad annseo seal tamaill a dheánamh a scriste(scíthiste) agus a bhreathnughadh uatha. Labhair an fear a ba sine leis an fear a b’óige agus ar seisean leis “gaibh thusa an bealach sin.” D’iarr sé ar an tríomhadh fear a dhul bealach eile; “gaibh thusa an bealach sin,” ar seisean leis an dara fear, “agus rachaidh mé fhéin an bealach deireannach.” “Anois,” ar seisean le n-a chuid dearbhatharach caithfidhmid a castal ar a chéile annseo i gcionn lae agus bliadhna, agus na deánadh fear ar bith agaibh fastódh mara bhfághaidh sibh fiche punt agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Paidí Ac Cumhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Bun an Bhaic, Co. Dhún na nGall