Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 168
- XML “Urnaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Urnaighthe
(sibeal, bean Uí Cnáimhsighe, an Céideadh, Ailt a’Corrain a d’innis
Fáilte duit a Mhuire Mhór,
A Mháthair saor ar pheacaidh póir;
A Mháthair Íosa Realt na Maidne,
Díon na mbocht ‘s ar n-anam-chara.
Is tú thug arais an bláth a thuit
Eabha, is mór na grasta Dhuit;
Rug Tú an t-Uan a shaothruigh sinn,
Anois agus ar uair ar n-éag linn;
Tabhuigh dhúinne síothcháin Dé,
Scaoil na glais a cheangluigheas mé;
Tabhair greim don bhocht don dall a shúil,
A Mháthair Mhuirneach Rí na nDúl;
A Mháthair na Siothchána agus Airc sa Reacht,
A Mháthair na hEagna agus na hUmhlaidheacht’;
Seachain sinn fríd chéim Do Mhic,
Ar olc, ar dubh, agus ar éirc;
Realt na Maidne agus Áird-Riogháin,
Seachain sinn ar bhun na bpian;
Go moltar faoi do choimhrighe gan mhaoidheamh,
An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh
A Mhaighdean Bheannuighthe, a Mháthair Dé
A chúirt ghlé-geal atá ag an chléir; a Choinneagheal atá ins na Flaithis go dtaraidh sí chugainn ar uair mo bháis. Amen.
-Gráinne bean Uí Dhomhnaill, Leitir Catha, Clochan Liath, a d’innis.- Faisnéiseoir
- Sibeal Bean Uí Chnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Céideadh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Uí Dhómhnaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall