Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 38

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 38

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 38
  3. XML “Iascaire Bocht na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1 Antoin ÓGallchobhair a d'innis.
    2 Seoladh: Cro Bheithe, Clochán Liath, Tírconaill
    3 Gairm-bheath: Feirmeoir
    4 Aois: 63 bliadhan
    5 Tógadh é i gCro Bheithe agus is ann a chaith sé a shaoghal
    6 Chualaidh sé an scéal ag n-a athair
    Iascaire bocht na hÉireann
    Bhí fear ann fad o shoin agus ba é an gléas beo a bhí air ag iascaireacht ins an fhairrge. Maidin amháin chuaidh sé 'na fairrge ach ní raibh iasg ar bith le fághail aige. Thainic bean fhad leis agus d'fhiafruigh sí do an raibh sé ag fághail éisg ar bith. Dubhairt seisean nach raibh agus nach raibh gléas beo ar bith air ach an t-iasg. Dibhairt sise go bhfágfaidh sise cliabh éisg ar an chladach go dtabharfadh sé a mhac díthe nuair a bheadh sé bliadhain agus fiche d'aois
    "Is doiligh domh é," arsa'n fear, "agus gan mac ar bith agam."
    "Bhal," ar sise, "ma raibh mac ar bith agat ní bheidh mé ag dúil leis."
    Ach thainic an t-am a raibh mac óg ann, agus bhí sé 'gabhail 'na fairrge ach a'n mhaidin.
    Ach an mhaidin a bhí an mac bliadhain is fiche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antoin Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall