Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 138
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-cr”
Brídig Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair, Tírchonaill a d’innis. Feach leathanach 44ScéalBhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murchadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-craobh. Maidin amháin d’imthigh Murchadh beag ‘un na coilleach, bhain sé na sugh-chraobh agus thug aghaidh ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar crann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann ar fosgadh. Fhad is bhí sé faoi an crann smaoitigh sé go n-íosfadh sé ceann de na sugh-chraobh. D’ith sé ceann de na súgh-craobh agus shíl sé go rabh siad an-mhilis. Thoisigh sé agus níor stad sé gur ith sé an méid a bhí ins an ghugán. Thug sé an gugán ‘un an bhaile chuig Murchadh Mór. Beir an fear sin ar an ghugán agus ar seisean le Murchadh Beag, “An dara lá a thiocfas tú le gugán folamh chugam cuirfidh mé ‘un báis thú”
An dara maidin cuir sé Murchadh Beag amach arís agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chrann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann cheadna a rabh sé an lá roimhe sin. Thoisigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall