Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 119
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.”
Antoin ÓGallchobhair Cró Bheithe An Clochan Liath Tírchonaill a d'innis. Feach leath 38Scéal
Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán. Fuair an gearrán bán bás, agus d'fheann Cormac é, agus rinne cóta de. Fuair sé claidheamh deánta de na crúthacha, - claidheamh a mhairbhfeadh seacht gcéad le achan bhuille. Nuair a bhí sé ag pilleadh 'na bhaile lá bréagh gréine chonnaic sé scaifte cuileóg. Tharraing sé an claidheamh agus marbhuigh sé seacht gcéad aca.
Dar leis fhéin, dheánfadh an claidheamh seo gnoithe maith. Bhí croiceann an ghearrain air. Le coim na h-oidhche thainig sé go dtí áite aoil. Bhí sí te indiaidh an t-aol a bhaint aistí agus dar leis go gcodlochadh é inntí go maidin. Ní rabh sé i bhfad istuigh inntí go dtainig fear agus bean go dtí an áite.
Bhí bascoid leis an mhnaoi, agus shuidh sí ag béal na h-átha. Spréidh sí an t-éadach, agus thug amach achan chineal bídh a b'fhearr no cheile. Bhí an t-ocras ar Chormac, agus shuidh sé ag taoibh na hátha. Nuair a chuaidh an fear agus an bhean a íthe, rinne Cormac gnúsachtach.
"Dar fiadh," ars an bhean, "'siud an diabhal"!
"Bí do thost" ars' an fear, agus le sin rinne Cormac an dara ceann as.
"O! m'anam fhéin gurab é," ars an fear.
D'imthigh an bheirt aca, agus d'fhág siad an bhascoid ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall