Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 20

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 20

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 20
  3. XML “Na Trí Duaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Anna bean Mhic Amhalaidh as Cró-beithe, an clochab-Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo thíos. Tá sí beo go fóill agus í ag druidim suas le 70 bliadhan d'aois. Bean feirmeora atá innti. Rugadh agus tógadh í a gCróbheith.
    Na Trí Duaiseanna
    Bhí fear ann uair amháin agus fuair a bhean bás, agus d'fhág sí gasúr agus giorrsach bheag ina diaidh. Phós an t-athair arais, agus bhí an leas-mháthair iongantach olc don bheirt pháiste ba ghnáthach léithe iad a bhuaileadh go mí-trócaireach.
    Lá amháin chuaidh an díleachta giorrsaighe amach 'na gharraidh a bhaint rósaí a chuirfheadh sí ar an altóir, agus chonnaic sí triúr fear, scannruigh sí ar dtús ach nuair a d'iarr sean-duine a bhí comhgarach do'n triúr fear déirce uirthi, thug sí an phighinn deireanach a bhí aicí do. Thug sé buidheachas díthe agus chuir sé ceist ar na fir goidé a ba mhian leo éirghe díthe.
    Is maith liomsa nuair a théid sé a gháiridhe arsa an chead fhear, "go dtuitfidh rósaí ó na beal."
    Is maith liomsa" arsa an dara fear, "go dtuitfidh pearlaí ó na súile nuair a théid sí a chaoineadh.
    "Is maith liomsa" arsa a tríomhadh fear,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0403: The Black and the White Bride
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Mhic Amhalaidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall