Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 67

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 67

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 67
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Thug Fianna na taoibhe thuaidh cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan airm ar bith a bheith leobhtha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    air í, agus thoisigh sé a mharbhughadh.
    Mharbhuigheadh seacht bhfeara, seacht bhfíchidh, seacht gcéad, a thuit le scian Ghoill an Fháthaigh sul ar fiaduigheadh an fudrascail.
    Foghmhaar, 1935
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Paidir
    Luighim ar mo leabaidh mar shíntear mé san uaigh.
    Faoisitine chruaidh chráidhte gnídhim leat, a Mhic Dé,
    Fá iomlatáil mo cholna agus olcas mo chroidhe.
    Ó, a Dhia, nach mé atá lochtach;
    Gach nídh dá ngeallaim nach ndeánaim a coimhlíonadh.
    A Mháthair Íosa i n-éideadh Chríost bídh ag mo cheann.
    A Eoin Báiste, na Naomh Easpail bídh ag mo bhonn,
    I n-am le h-ola Chríost a chur ar m’anam díleas,
    A cheannsaigh (?) Íosa ar a chrann.
    Is beannuighthe Teampeall Dé,
    Agus beannuighim fhéin duit;
    Mar ndúil’s go mbeannochadh an Rí i bhFlaithis Dé,
    Agus an dá aspal déag duit
    Umhluighim le mo ghlúin dheis don Árd-Rí
    Agus an ghlún eile glún mo chroidhe
    Mar ndúil’s go mbeannochadh Dia
    Gach anam da dtainic romham no ‘mo dhiaidh
    Ariamh. Amen.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge