School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 88
- XML “Díorfach Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faoi agus ceann os a cionn. Fuair sé ceann aca a thabhairt leis agus rinne sé giotaí de fa mhéid chiarsúir póca. Nuair a bhí an gnúth bruithte chuir sé cuid de isteach 'sna giotaí seo no gur líon sé duisín aca. Thug sé leis annsin iad agus d'fhág thíos ag taobh na bearnadh iad ar mhullach an chlaidhe.
Bhí go maith agus ní raibh go holc no go dtí maidin lá ar na bhárach thug Seán leis an t-eallach síos go páirc an Fhathaigh. Níorbh' fhada annsin é go dtainic an Fathach:
"A Sheáin," arsa'n fathach, "nach mór an croidhe duit do chuid eallaigh a chur isteach in mo pháirc. Thóg ort amach as sin iad no mairbhfidh mé thú; is beag mar dhá ghreim thú agus is mór liom mar greim thú!"
"Da mhéad thú," arsa Seán, "bíodh geall ort nach bhfuil tú chomh maith liomsa, no ní thig leat gnuth a bhaint as cloich"
Anonn le Seán agus bheir sé ar cheann de na cnapanna agus bhruigh amach gnuth as. Chuaidh an fathach anonn agus bheir ar chloich ach ní raibh sé ábalta a dhath a dhéanamh dhe. Dubhairt an fathach annsin go dtabhairfeadh sé isteach do sa chás sin. D'iarr an fathach air ansin a dhul chuige-san an oidhche sin a bhí chuca.
Chuaidh Seán síos agus chuir an fathach fáilte(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal