Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adhbhar sin gur iarr sé barraidheacht luach ar a shon agus ar seiseann le greann "Má ghlacann tú an gearran caithfidh tú mé féin a ghlacadh fosta."
Thoisigh an bheirt a chomhradh agus bhí an bheirt i gcuideachta a cheile fríd an Maonaigh ar feadh an lae, agus shocair siad castail ar a cheile ins na Cealla Beaga an Domhnach na dhiaidh sin. Bhí beirt deartharach aga an chailín agus bhí siad ar an aonach an lá sin fosta. D'fhiafraigh siad da ndeirbhshiúir trathnóna cerbh é an buachaill coimhthigheach a rabh sí in a chuideachta ar feadh an lae. Dubhairt sise gur mac é don ministeir a bhí in Árdaratha.
Nuair a chuaidh siad na bhaile ón aonach d'innis na deartharacha do na n-athair go rabh a ndeirbhshiúir ag coinneil cuideachta ar feadh an lae le mac an mhinisteara a bhí in Árdaratha. Dubhairt an t-athair go rab aithne mhaith aige ar mhinisteir a bhí in Árdaratha, agus nach rabh mac ar bith aige, gu beirt nighneach a bhí aige.
Théidheadh an Baoigheallach go mini le cattail ar nighean an mhinisteir, agus shocair siad faghail pósta. Fuair na deartharacha amach go rabh a ndeirbhshiúir agus an Baoigheallach ag castail ar a cheile, agus thoisigh siad a choinneil coimhead oirthi. Thug an cailín seo fa dear, agus nuair a casadh í féin agus an Baoigheallach ar a cheile shocair siad go dtiocfadh sise leis na Mhachaire.
Bhíodh an gear ran rása i dtólamh leis an Bhaoigheallach. Thug sé suas ar a chúlaibh í agus ar shiúbhal leo ag tarraingt ar an Mhachaire. Ach ba mhaith an mhaise do bheirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Nellie Bheag
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall