School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 401
  3. XML “Seanchas - Baoigheallaí an Mhachaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    adhbhar sin gur iarr sé barraidheacht luach ar a shon agus ar seiseann le greann "Má ghlacann tú an gearran caithfidh tú mé féin a ghlacadh fosta."
    Thoisigh an bheirt a chomhradh agus bhí an bheirt i gcuideachta a cheile fríd an Maonaigh ar feadh an lae, agus shocair siad castail ar a cheile ins na Cealla Beaga an Domhnach na dhiaidh sin. Bhí beirt deartharach aga an chailín agus bhí siad ar an aonach an lá sin fosta. D'fhiafraigh siad da ndeirbhshiúir trathnóna cerbh é an buachaill coimhthigheach a rabh sí in a chuideachta ar feadh an lae. Dubhairt sise gur mac é don ministeir a bhí in Árdaratha.
    Nuair a chuaidh siad na bhaile ón aonach d'innis na deartharacha do na n-athair go rabh a ndeirbhshiúir ag coinneil cuideachta ar feadh an lae le mac an mhinisteara a bhí in Árdaratha. Dubhairt an t-athair go rab aithne mhaith aige ar mhinisteir a bhí in Árdaratha, agus nach rabh mac ar bith aige, gu beirt nighneach a bhí aige.
    Théidheadh an Baoigheallach go mini le cattail ar nighean an mhinisteir, agus shocair siad faghail pósta. Fuair na deartharacha amach go rabh a ndeirbhshiúir agus an Baoigheallach ag castail ar a cheile, agus thoisigh siad a choinneil coimhead oirthi. Thug an cailín seo fa dear, agus nuair a casadh í féin agus an Baoigheallach ar a cheile shocair siad go dtiocfadh sise leis na Mhachaire.
    Bhíodh an gear ran rása i dtólamh leis an Bhaoigheallach. Thug sé suas ar a chúlaibh í agus ar shiúbhal leo ag tarraingt ar an Mhachaire. Ach ba mhaith an mhaise do bheirt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Chonaill
    Other names
    Eibhlín Bean Uí Chonaill
    Nellie Bheag
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal