Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 250
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mac deug aige. Lá amháin bhí an fear seo ar siubhail ar taobh loch mór agus chonnaic sé éan ag snámh ar an loch agus bhí trí éan deug ag snámh leis.”
(ar lean ón leathanach roimhe)amharc ina chluais d’eire. Damharc an gasúr ann agus chonnaic sé rud beag cosamhail le bearán. Dubhairt an clibistín go gcaithfeadh siad léim thar seacht míle de claidhe agus da dtuiteadh siad ann go mairbhfidhe iad. Siubhail siad leo go d’táinig siad fhad le seo. Léim an clibistín é slán. Siubhail siad leo tamall eile agus d’iarr an clibistín air amharc ina cluais ar ais. D’amharc. Chonnaic sé deór uisce ann. Dubhairt sé go gcaithfeadh siad léim thar seacht míle de uisce. Shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad leis an t-uisce. Léim an clibistín é slán agus an gasúr ar a dhruim leis. Shiubhail siad leo ar feadh tamall eile agus d’iarr an chlibistín air amharc ina chluais ar air. Damharc. Chonnaic sé bladhaire teineadh ann. Dubhairt an chlibistín go gcaithfeadh siad léim thar seacht míle de teineadh agus da dtuiteadh siad ann go mbéidh siad dóighthe. Siubhail siad leo go dtáinig siad fhad le seo. Léim an clibistín é slán agus an gasúr ar a dhruim leis.
Annsin shuidh siad síos le na sgithiste a dheanamh. d’Fan siad annsin an oidhche sin agus ar maidín lá thar na mhárach thoisigh siad ar air ar an aistear. Shiubhail siad leo ar feadh bliantaibh no(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias O Coilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iomascan, Co. Dhún na nGall