Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 249
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mac deug aige. Lá amháin bhí an fear seo ar siubhail ar taobh loch mór agus chonnaic sé éan ag snámh ar an loch agus bhí trí éan deug ag snámh leis.”
(ar lean ón leathanach roimhe)chonnaic an gasúr bocsa ór ar taobh an Bealaigh Mhóir. Dubhairt an gasúr go gcaitheadh se an bocsa dfhághail. D’iarr an clibistín air gan é á thogailt ar cor ar nith acht ní raibh gan a bheith leis an gasúr agus thóg sé an bocsa. Shiubhail siad leo ar feadh tamall eile agus sa deireadh nuair a bhí sé ag éirge dorcha chonnaic siad teach beag fa giota c-íobh. Tharraing siad air agus bhuail sé ag an doras. D’fhosgail fear an toighe é. D’iarr an gasúr air an bhfuigheadh siad lóistín. Dubhairt an fear go bhfuigheadh cinnte. Thug sé áit don clibistín shios ag an dorás agus thug féar dó. Chuaidh an gasúr síos ‘un t-seomra agus dh’fhosgail an bocsa. Bhí trí ribe gruaige ann agus solas an mór asta. Chonnaic fear an toighe an solas seo mar ní raibh solas ar bith eile ins an teach. Chuaidh sé suas ‘un t-seomra agus chonnaic sé na ribe agus dubhairt sé go gcaithfead sé an cailín a fhághail a dfhás na ribe uirthí. Ar maidín lá thar na mhárach dimthigh an gasúr agus an clibistín leis. Shiubhail siad leobhtha ar feadh tamall maith agus sa deireadh nuair a bhí siad tamall ar shiubhail d’iarr an clibistín ar an gasúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias O Coilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iomascan, Co. Dhún na nGall