Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 216
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síós ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean.”
(ar lean ón leathanach roimhe)thart le bród air, agus dubhairt sé arais, “as na seithigh a fuair mé h-eile sheort a tchíonn tú annseo. Nuair atá siad ag gabhail síos bímsa annsin agus bheirim gach h-eile seort liom. Na dhiaidh sin thug an fear Liam isteach go t-seomra mór eile. Bhí an t-seomra seo líonta lán de potaí le na mbheal thionnthuigh faobhtha. “Caidé tá faoi na bpotaí” arsa Liam. Tá na h-anamna ó na daoine a bhí caillte ar na badaí móra faoi na potaí sin agam ars an fhear. Nuair a bhíonn na bádaí ag gabhail síos bímsa annsin agus bheirim na h-anamna liom. Bhí truaigh mór ag Liam do na h-amamna bochta seo. Thogadh sé na potaí agus leigfeadh sé ar shiubhail iad acht bhí an fear ag amharc air. D’fhág Liam teach an fhir annsin le gabháil abhaile, agus bhí an fear leis. Thug sé “push” beag do Liam suas go dtí an t-uisge, agus suas leis an bheirt annsin go dtí na clocha móra arais. Bhí Liam ag smaoituighadh san oidhche ar na h-anamna bochta. Bhí sé ag smaoituighadh fósta caide’n dóigh a leigfeadh sé iad ar shiubhail. Tháinig an fear aníos gach h-eile lá na dhiaidh sin, agus bhí Liam síos go minic ag ithe agus ag ól leis. Annsin smaoithigh Liam ar plan. Thug sé fá dear, na dtiocfadh leis an fhear ag gabháil fríd an uisge gan an bearad beag a bhéith ar a cheann, agus fósta, cé bith an méidh a d’oladh siad faoi an fairrge ní bhéadh siad ar meisce. Thug Liam cuireadh d’ón fhear a theacht aníos go dtí a theach féin, agus rinn sé réidh dinnear maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall