Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 127
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bháis. Má bhíonn tochas in do shúil clé deir siad gur sin comhartha go dtroidfidh tú. Creideann siad nach cóir do trí dhearbhrathair gabháil amach sa bhád amháin a dh’iasgaireacht. Deir siad nach ceart leanbh ar bith a thabhairt go dtí’n teach Phobail le báisteadh fhaghail gan aibhleog dóighte a chur isteach i na chuid éadaigh ar eagla go ndeánfadh duine ar bith droch amharc air sul ar mbáisfidh é. Deir siad da bpósadh fear agus bean de’n sloinneadh amháin go bhfuil leigheas an teine-fhiar acú. Deir siad nach ceart uisce salach a chaitheamh amach oidhche Nodlag bhig. Deirtear oidhche Féile Brighde nuair a bheadh na crosannaí réidh gur cheart feaga a cheangail thart ar do chorp agus iad a fhágail ceangailte tamall agus annsin iad a chaitheamh sa teine go bhfeicfidh tú an lasadh siad. Deir siad muna lasadh siad go mbeitheá marbh sul a dtigeadh an t-am sin an bhlian le theacht ach dá dtigeadh bladhaire ortha go mbeitheá beo. Deir siad nuair a bheadh tú ag cur uibeacha faoi chirc gur cheart iad a chur síos nuair a bheadh an mara a líonadh nó dá gcuirféa síos iad am ar bith eile deir siad gur coiligh uilig a bheadh agat.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall