School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 127
  3. XML “Pisreogaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do bháis. Má bhíonn tochas in do shúil clé deir siad gur sin comhartha go dtroidfidh tú. Creideann siad nach cóir do trí dhearbhrathair gabháil amach sa bhád amháin a dh’iasgaireacht. Deir siad nach ceart leanbh ar bith a thabhairt go dtí’n teach Phobail le báisteadh fhaghail gan aibhleog dóighte a chur isteach i na chuid éadaigh ar eagla go ndeánfadh duine ar bith droch amharc air sul ar mbáisfidh é. Deir siad da bpósadh fear agus bean de’n sloinneadh amháin go bhfuil leigheas an teine-fhiar acú. Deir siad nach ceart uisce salach a chaitheamh amach oidhche Nodlag bhig. Deirtear oidhche Féile Brighde nuair a bheadh na crosannaí réidh gur cheart feaga a cheangail thart ar do chorp agus iad a fhágail ceangailte tamall agus annsin iad a chaitheamh sa teine go bhfeicfidh tú an lasadh siad. Deir siad muna lasadh siad go mbeitheá marbh sul a dtigeadh an t-am sin an bhlian le theacht ach dá dtigeadh bladhaire ortha go mbeitheá beo. Deir siad nuair a bheadh tú ag cur uibeacha faoi chirc gur cheart iad a chur síos nuair a bheadh an mara a líonadh nó dá gcuirféa síos iad am ar bith eile deir siad gur coiligh uilig a bheadh agat.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Seághan O hÉigheartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal