School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 187
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b'óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.”
Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b’óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.
Dimthigh seisean agus rinne sé fastughadh le sgológ Toisigh sé ag deanamh an rud céadna annsin Connaic an sgológ é agus dubhairt sé leis nach rabh sé ceart aige a bheith ag goid na n-uibheach. Dubhairt seisean go rabh sé ag iarraidh foghluim a bheith na gaduidhe Ní bheidh tú do gaduidhe a choidhce go mbéidh tú ábalta caora a goidh ó fear a bhí ag tiomaint na gcaorach. Dimthigh sé leis agus shiubhail sé roimh an fear. Bhain sé de ceann de a bhróga agus d’fhág sé ar an ród é Nuair a tháinig an fear a rabh an caora leis go dtí an bróg shil sé nach mbéadh maith ar bith san bróg amháin agus d’imthigh sé leis. Nuair a chuaidh an chéad fear giota beag eile bhain sé de an dara bhróg.
Nuair a tháinig an fear eile go dtí an dara bhróg shíl sé gur mhór truagh nach dtug sé leis an bróg eile agus dimthigh sé leis go dtí an áith a rabh sé. annsin tháinig an fear eile agus thug sé leis an caora.
Annsin dubhairt an sgológ nach mbéadh sé na gaduidhe go mbéadh sé ábalta capall a ghoid ó na dhá(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Informant
- Pádruig O Baoighill
- Gender
- Male
- Address
- Cullion, Co. Donegal