School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 137
  3. XML “Scéal Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Beag

    Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe sa áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh sa teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fheard ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe c

    Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe san áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh san teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fhearg ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe codladh. Lá amháin nuair a bhí an fear ar siubhal sa phortach bhris sí an seól ‘na ghiotaí air mar shíl sí nach rabh duine ar bith istoigh le sgéal a dheánamh uirthe. Leig gamhan búithreach sa cheann eile de’n toighe. D’anam ar sise ní bhéidh tusa i bhfad beó le sgéal a dheánamh orm. Thug sí léithe an túirnín agus mharbh sí an gamhan ar eagla go n-innseadh sé do’n fhear gur bhris sí an seól. Nuair a thainig an fear un a bhaile agus chonnaic caidé a bhí deánta aicí bhí an fhearg air agus d-imthigh sé leis ag siubhail go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé aon bhean comh h-amaideach le na mhnaoi fhéin. Ní rabh sé i bhfad ag siubhail go bhfacaidh se dhá bhean. Bean acú ag gach coirneál de theach agus greim acú ar dhá bheinn de’n toighe. Thainig sé fhad leobhtha agus d’fhiafruigh daobhtha caidé bhí siad a dheánamh. Tá muid ag iarraidh an teach a thionntadh arsa bhean acú. Tá an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal