Nuair a bhí mé ag gabháil 'un tráigh Casadh orm deich mná Deich sac le gach mhnaoi Bhí deich gcat in gach sac Agus deich bpisín in gach cat Idir saic, cait, pisíní, agus mná Cá mhéid a bhí ag gabháil ún tráigh = Mé Féin An fear a rinne é níor chaith sé ariamh é Agus an fear a chaiith é ní fhaca sé é Goidé sin = Conóir Caithim suas é comh bán le sneachta Agus tuitinn sé anuas mar ór bhuidhe leachta Goide sin = Uibh Teach beag nach mbéadh ábalta luchóg a choinneál Tá oiread bhfuinneóg air is bhéadh ar teach an rí Goidé sin = Mearacán Tá capall beag agam le muineál iarann Agus comh gasta agus ritheann sé itheann sé an rópa Goidé sin = Tuairne
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »