School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 254
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear na chomhnuidhe ins an pharaiste seo aon uair amháin agus is fada ó bhí agus bhí sé iongantach bocht.”
Bhí fear na chomhnuidhe ins an pharaiste seo aon uair amháin agus is fada ó bhí agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh aon phighin airgead sa teach aige leis an cíos a dhíol. Ní rabh aon beadhadhach ceathair cosach aige acht aon bhó amháin a bhí ag tabhair braon bainne do.
Cuaidh cupla blian thart agus níor dhíol sé an cíos. Bhí an bhó aige rith an ama agus bhí si iongantach sean. Sa deireadh thiar thall tháinig an siriam fhad leis agus chuir ceist air cad chuige nar dhíol sé an cíos. Dubhairt seisean nach rabh aon phighinn airgead ins an teach aige agus nach dtiocfadh leis an cíos a dhíol.
D’fhiafruigh an siriam do an rabh feur, préataí, caoirigh, na eallach de chineál ar bith aige a dhíolfadh an chíos do. Dubhairt seisean nach rabh caora no eallach de chineál ar bith aige acht aon bó amháin agus go rabh sí ag tabhairt braon bainne do agus nach rabh mórán maith inntí na go rabh sí comh sean leis an cheo.
An dtabhairfidh tú an bhó domhsa arsan siriam. Bhearfaidh cinnte arsan fear no níl maith ar bith inntí ar chor ar bith. Acht arsan siriam dheanfaidh mé margadh eile leat sul a dtabhairfidh mé liom an bhó agus seo é.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghoill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal