School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 200
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus bhí sé ag déanamh poitin.”
Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus bhí sé ag deánamh poitin. Amuigh sa chnoc a bhí sé ghá deánamh. Bhí sé amuigh oidhche amháin ag deánamh an poitin agus bhí an oidhche an dorcha agus bhí sé ag fanacht no go n-éireochadh an gealach go rachadh sé abhaile. Nuair a déirigh an ghealach thug sé leis canna poitin agus sín leis ag tarraingt ar a bhaile.
Ní dheachaidh sé ibhfad no go gcuala sé an ceol shuas sa chnoc. Damharc sé suas agus chonnaic sé an fear ag siubhail anonn is anall sa chnoc Shíl an fear a bhí ag dheánamh an poitin gur fear de na comharsannaí a bhí ag magadh air agus sgairt sé air theacht anuas Tháinig an eagla air annsin nuair a chonnaic sé an rud ag teacht anuas agus ceann reithe air
Cuaidh an rud go dtí an chlaidhe agus shait sé a gcuid adharc ins an chlaidhe agus briseadh ceann acú leig sé uaill brónach as féin annsin agus d’imthigh sé agus a cheann san aer aige. Chuaidh sé sios go dtí an abhann agus léim sé isteach ann Annsin tháinih sé aníos ón abhann arais.
Annsin d’ól an fear deoch as an poitin agus chaith sé indiaidh an taidhbhse é agus ó sin amach bhí sé ag gabháil roimhe agus na dhiaidh (sin amach bhí sé ag gabhail) go rabh sé sa bhaile agus nuair a bhain sé(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal