Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Loch Measca | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Annsin d'iarradar ar an gcáca gan beárna éirghe agus iad a leigint isteach. Thosuigh an cáca ag déanamh ar an doras, acht rug bean-a'-tighe ar bhata agus rinne sí dhá leath de'n cháca leis.
B'éigin do na cailleacha fanacht amuigh acht chuireadar in iúl dí dá n-éireóchadh leo dul isteach go gcuirfidís iachall uirthi gan bheith ag obair chomh deireannach sin Oidhche Dé Sathairne.
D'imtigh siad leo annsin agus níor leag sí súil orra arís 'na dhiaidh sin.
Sin é an fáth go mbaineann na mná tighe smut as an gcáca a leagann siad thart uatha.

Sgéal. Taisbeántas na mBan.

Bhí teasbántas obair na mban i gCathair na Máirt suim blianta ó shoin. Lá amháin bhí na mná ag crochadh rudaí annseo agus annsúd ins an seomrá le haghaidh an teasbántais nuair do rith fear beag isteach. Bhí barr a shróine gearrtha. Bhí a shrón ag tabhairt fola go tiugh.
Bhí bean óg suas ar dreimire agus ar sise leis an bhfear, "ceapaim go bhfuil tú ag dul amugha."
"Sílim nach bhfuilim," ars an fear. "Céard tá ar bun annseo?"
"Seo taisbeántas obair na mban," ar sise.
"Má tá," ar seisean, "seo sampla maith dhuit," agus é ag cur a mhéir ar a shróin.

Bailitheoir
Micheál Ó Cillín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na Móna, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Seán Ó Murchadha
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
22
Seoladh
Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge