School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 292
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - Taispeántas na mBan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin d'iarradar ar an gcáca gan beárna éirghe agus iad a leigint isteach. Thosuigh an cáca ag déanamh ar an doras, acht rug bean-a'-tighe ar bhata agus rinne sí dhá leath de'n cháca leis.
B'éigin do na cailleacha fanacht amuigh acht chuireadar in iúl dí dá n-éireóchadh leo dul isteach go gcuirfidís iachall uirthi gan bheith ag obair chomh deireannach sin Oidhche Dé Sathairne.
D'imtigh siad leo annsin agus níor leag sí súil orra arís 'na dhiaidh sin.
Sin é an fáth go mbaineann na mná tighe smut as an gcáca a leagann siad thart uatha. - Sgéal. Taisbeántas na mBan.Bhí teasbántas obair na mban i gCathair na Máirt suim blianta ó shoin. Lá amháin bhí na mná ag crochadh rudaí annseo agus annsúd ins an seomrá le haghaidh an teasbántais nuair do rith fear beag isteach. Bhí barr a shróine gearrtha. Bhí a shrón ag tabhairt fola go tiugh.
Bhí bean óg suas ar dreimire agus ar sise leis an bhfear, "ceapaim go bhfuil tú ag dul amugha."
"Sílim nach bhfuilim," ars an fear. "Céard tá ar bun annseo?"
"Seo taisbeántas obair na mban," ar sise.
"Má tá," ar seisean, "seo sampla maith dhuit," agus é ag cur a mhéir ar a shróin.- Collector
- Micheál Ó Cillín
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Móna, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Killour, Co. Mayo