School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 354
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de buachaillí an bhaile ag teacht aníos. Chuir mé mó mhéir in mo bheal agus rinne me fead agus ar an bómaite sin fuair me smailc de chaman agus béidh cuimhne agam ar an buille sin fhad agus a bheas me beo. Bhí me ag chuir fola.
Bhí na buachaillí ag tarraingt orm anois agus go díreach mar a bhuailfea do dhá bóis ar a cheile bhí na daoine beaga imigthe. Chonnaic na buachailli an cneac agus mé ag cuir fola acht ní fhacha siad aon nidh eile. Tá cuid daobhtha marb indiu cuid i Merica agus níl fhios ca dteacaidh na fir eile acht cuirfidh me geall le aoinne agaib ma fheicheann sibh i coidhche Liam Beag Seán Bheití no Searlas Dhoiminic atá i Merica anois go ninnseo chaidh siad an sgeal ceudna daoibh, no buchaillí gasta a bhí ionnta san am agus leoga níl cuid aca ró aosta go foill”
Ní rabh i bhfad le fanacht aca no dhá oidhche indiaidh sin tháinig Liam Beag na báile agus dinnis an sgeal cheudna a dinnis Seimí Paidí act amháin nach bhfaca siadsan na daoine beaga.
“Sin sgeal agaib anois arsa Seimí agus bailigadh e mas feidir leib”- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide