Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí sé ag dul indiaidh a chúil no go raibh sé scathamh maith uaithi agus sheas sé suas annsin agus shiubhal sé soir faoi an aill. Bhí sé ag deánadh iongantas do’n ráca mar niorb ionann e agus na racaí a bhí ins na h-áite seo. “Ma dimir na ballachaí bob orm-sa dimir mise ceann ar an Maighdean Mara” arsa Peadar leis fein. Fuair sé an dorga arís agus chaith sé amac é agus ní raibh aon mhaith ann. Nuair a dhúisigh An Mhaighdean Mara bhí a ráca ar shiubhal agus connaic sí Peadar uaithe agus e ag iascaireacht agus is doca go raibh sí ag deánadh amac gur é a ghoid a ráca. Tháinig sí taobh thiar de Peadar agus fhad leis agus d’fiafruig do an raibh sé ag fághail iasc ar bith. Bhreatnuigh sé go fiadáin uirthi agus bhí a dhá sháil ‘na seasamh ‘na ceann le [faitchíos]? “Na bíodh faitchíos ar bith ort” arsa sise “Ní dheánfaid mise aon dochar duit. Caith amach do dhorugha anios sa bhfairrge agus lean de’n obair go mbéidh do shait iasc agat”.
    Nuair a bhí an cliabh lan aige, bhí aoibh breagh air nuair a chonnaic se an ródach a rinne sé gur ghlionndáil sé an dorugha ar an nglionnda agus ceangail do’n chliabh é. Bhí an Máigdean Mara ag coimhead air rith an ama. Thug Peadar súil siar uirthi “Máise ó bhí tu fein comh maith sin agus a bhí bheirfidh me duit do raca, mar caítfinn a dhul na bhaile gan breac acht go be thú” arsa Peadar go réidh ná chanta. Chuaidh sé anonn agus thug an ráca duithe ag rádh “Seo dhuit doráca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)