Boithre an cheanntair 25.07.38An bealach ó theach na sgoile soir 'na mbrochachaí. Tá sé chor a bheith seachtua bliadhain ó rinneadh an bealach mór seo.Bhí cuid mhór daoine ag obair ar an mbealach mór sin agus gan páighe ar bith le fagháil acu achth chloch mín buidhe gach lá. Ba é an t-athair Mhic Fhloinn a bhí ag tabhairt an mín buidhe daobhtha ar son a gcuid oibre. Ní rabh oibre ar bith le fagháil san am sin agus caoí bocht leobhtha é a fágháil. Ní rabh ins an bealach an chead uair achth túrtógaí agus obair. Agus nuair a thoisigh siad ar ní leigheadh cuid de ná daoine an bealach fríd a gcuid talamh rinn siad grota den bhealach.an cead uair agus b'éigean daobhtha stad árais agus a dul soir g dtín deireadh agus é dhéanamh an doigh éile cionnas na leigeadh na daoine fríd a gcuid talamh féin é Antoin Ó Domhnaill a bhí os cionn
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »