School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    6. "Dia dhuit, a Éire" arsa an sagart.
    "Nach fada isteach innti a tháinigh tú fé'n bheannaigh tú di" arsa Tadg.
    "An gcuirfeá Laidin ar aiteann?" arsa an sagart.
    "Do chuirfinn" arsa Tadg "má gheoghann an leabhar".
    Bhain an sagart a Leabhar Urnaighthe as a phóca agus thug sé do Thadg é. D'oscail Tadg an leabhar agus leag sé anáirde ar thar aitinn é.
    "Nach sin Laidin go leor air, a Athair" arsa Tadg.
    Ní dúirt an sagart a thuille ach d'imigh sé leis.
    7. Bhí saor-cloch ann fadó a dtugaidís Seán Fada Ó Ruairc air agus do dheineadh sé tighthe bréaghtha dos na daoine uaisle.
    Dhein sé tigh do dhuine uasal babhta agus ba é an tigh be bhréaghtha sa tuaith é.
    Chun ná beadh aon tigh níos bréaghtha ná é á dhéanamh ag Seán thóg an duine uasal an dréimire ón tigh nuair a bhí sé críochnaithe fé thiocfaidh Seán anuas.
    Bhí an tigh críochnaithe ansan agus ní bhfuighead Seán ag liúirigh 'Mise Fada Ó Ruairc'. Dúirt duine acu leis lá "Tusa Seán Fada Fuar" arsa sé "nach fusa dá cloch a caitheamh anuas, thosnaigh sé ag caitheamh an tighe anuas arís. Chonaic an duine uasal é agus chuir sé suas an dréimeire arís cuige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    AT1698: Deaf Persons and their Foolish Answers [Including other misunderstandings which occur when people converse.]
    Language
    Irish