School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 294
  3. XML “Na Caoirigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Caoirigh
    Áit mhór do chaoirigh an parróiste seo, bíonn an-chuid caorach ag feirmeoiribh ar na sléibhtibh.
    Na caoirigh a chómhnuigeann ar na sléibhtibh ní bhíonn siad mór, bíonn olann fada garbh ortha aighthe dubha agus adharca cama. Tá siadh fiadhain beagnách agus ní fhanfadh siad in aon áit ach ar na sléibhtibh.
    Tugtar fóisg ar chaora ógh a bhíonn uain aice, molt ar shean-chaora, tugtar uasgán ar chaora atá níos mó ná aon bhlian amháin. Beireann an chaora uain ins an Earrach. Beireann gach caora dhá uain de gnáth ach uaireannta beireann sí trí nó ceithre chinn.
    Baintear na h-earball des na h-uain le scin nuair a bhíonn siad ceithre nó cúig seachthmaine d'aois.
    Tugann an feirmeoir an-aire dos na caoirigh, nigheann sé iad cúpla uair sa bhliain le uisge agus "Coppers Dip" chun na durróga a mharbhú. I mí bealtaine nightear na caoirigh insan abhann chun an olann do glanadh. Bearrtar iad annsan le deimheas, cuirtear na lomraí olna i málaibh agus díoltar iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish