School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 265
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Páirc an Fhia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Toibreacha Beannuithe
    Tá trí toibreacha beannuithe sa pharróiste seo. Tá ceann acu i bPáirc an Fhiadh, timcheall míle go leith ó dheas ó'n scoil; tá ceann eile i mBán Fionn timcheall míle thiar thuaiadh ó'n scoil i bhfeirm Micil Ó Dubháin; tá an tríomhadh ceann le hais na reilige i gCoill Ronáin in aice le Cill Manaichín.
    Páirc an Fhiadh
    Fadó bhí an-chuid duine in a gcomhnuidhe i bPáirc an Fhiadh agus bhí tobar breágh doimhin ann in a bhfuighidís a gcuid uisce.
    Lá amháin tháinig bean déirce nó bean siubhail agus do nigh sí éadaighe salacha ins an tobar agus ar an bpoinnte do thráigh an t-uisce agus ní raibh braon le feicsint.
    Bamhór an cruadhtan e dos na daoine bochta a chomhnuigh ann mar b'éigin doibh dul go dtí tobar eile a bhí i bhfad uatha fé dhéin uisce.
    Tamall ina dhiaidh sin tháinig bean des na comhursain go dtí an tobar. Do thug sí leí coinneal beannuithe agus uisce coisrighthe. Do las sí an choinneal agus do dhoirt sí an t-uisce coisrighthe ar an áit, annsan do chuaidh sí síos ar a glúnaibh agus d'iarr sí ar an Maigheean Muire an t-uisce a bhreith ar ais, agus ar an nóimeat do líon an t-uisce ins an tobar arís.
    Ó'n lá san go dtí an lá indiu tugtar "Tobar na Maighdine Muire" ar an tobar agus deirtear gur leighiseadh a lan daoine ann, daoine a bheadh cosa tinne nó súile tinne acu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
  2. Fadó bhí an-chuid duine in a gcomhnuidhe i bPáirc an Fhiadh agus bhí tobar breágh doimhin ann in a bhfuighidís a gcuid uisce.