School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 266
  3. XML “An Tobar Beannaithe i mBán Fionn”
  4. XML “Tobar Beannaithe Chill Rónáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tobar Beannuithe i mBán Fionn
    Tá an tobar seo in aice le bóthar Chluain Meala ar an dtaobh thiar thuaidh ó'n scoil. Tugtar "Tobar na Naomh" air. Do théigheidh na daoine ann gach Aoine.
    Do leighiseadh súile tinne, cosa tinne agus mar sin ann agus aicídí neirbhis leis. Do nightí an ball tinn leis an uisce, do shiubhailtí timcheall an tobair seacht n-uaire agus deirtí an Coróinn Muire dhá uair. Do théightí go dtí an tobar ceithre Aointe in dhiaidh a chéile.
    Tobar Beannuithe Chill Ronáin
    Tá an tobar seo in aice na reilige. Tá falla mór-timcheall air agus tá crois ós a chionn.
    Bhí fear in a chómhnuidhe sa pharróiste seo tamall ó shoin. Bhí súile tinne aige. Do thug sé cuairt ar an tobar ceithre h-uaire agus gach uair a chuaidh sé ann do nigh sé a shúile leis an uisce agus do ghuidh sé. Ar an ceathrú cuairt do leighiseadh a shúile. Do théigheadh sé go dtí an tobar gach Céadaoin i mí na Bealtaine.
    Tá Fothraca na h-Eaglaise Parróiste in aice an tobair. Ba é príomh-eaglais sa pharróiste séo é fadó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Tobar Beannuithe i mBán Fionn
    Tá an tobar seo in aice le bóthar Chluain Meala ar an dtaobh thuaidh ó'n scoil. Tugtar "Tobar na Naomh" air. Do théigheidh na daoine ann gach Aoine.
    Do leighiseadh súile tinne, cosa tinne agus mar sin ann agus aicídí neirbhís leis. Do nightí an ball tinn leis an uisce, do shiubhailtí timcheall an tobair seacht n-uaire agus deirtí an Coróinn Muire dhá uair. Do théightí go dtí an tobar ceithre Aointe in dhiaidh a chéile.
    Tobar Beannuithe Chill Ronáin
    Tá an tobar seo in aice na reilige. Tá falla mór-timcheall air agus tá crois ós a chionn.
    Bhí fear in a chómhnuidhe sa pharróiste seo tamall ó shoin. Bhí súile tinne aige. Do thug sé cuairt ar an tobar ceithre h-uaire agus gach uair a chuaidh se ann do nigh sé a shúile leis an uisce agus do ghuidh sé. Ar an ceathrú cuairt do leighiseadh a shúile. Do théigheadh sé go dtí an tobar gach Ceadaoin i mí na Bealtaine.
    Tá Fothracha na h-Eaglaise Parróiste in aice an tobair. Ba é príomh-eaglais sa pharróiste seo é fadó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Inglis
    Gender
    Male
    Address
    Sillaheens, Co. Waterford