School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmidhthe na FeirmeTá trí capaill, sé ba, ocht gcaoirigh cráín muice agus seacht mbanbhaí, aon asal, dá laog agus madra-caorach.
Tá sé cinn de ba againn,
Tugaimid Pollí, An Ciarruidheach, Ceann Bhán, Adharca fada ar chuid díobh.
Deirim habha habha nuair a bhíonn mé ag tiomáínt ná mbó.
Deireann Mam, "sucaí, suc, suc, suc",nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na gamhnaibh.
Tugaimíd "An Cró" ar thigh na mbó.
Cuirimíd tuighe nó aitinn nó raithnighe mar easair fé's na buaibh.
Cuirimíd na ba ins an cró agus cuirimíd ceann gach ba idir dhá bháta agus annsan cuirimíd na bataí níos giorra dá chéile ionnus nach féidir leis an mbó a cheann tharraing amach ach bhíonn sí áblta ite agus luighe.
Ceangluigimíd na gamhna le téad timcheall an mhuinéal. Crochtar an glanadh nó an beireatas searraigh i dtaobháin an chró cun go mbeadh an rath ar na buaibh.