Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6. "Dia dhuit, a Éire" arsa an sagart.
"Nach fada isteach innti a tháinigh tú fé'n bheannaigh tú di" arsa Tadg.
"An gcuirfeá Laidin ar aiteann?" arsa an sagart.
"Do chuirfinn" arsa Tadg "má gheoghann an leabhar".
Bhain an sagart a Leabhar Urnaighthe as a phóca agus thug sé do Thadg é. D'oscail Tadg an leabhar agus leag sé anáirde ar thar aitinn é.
"Nach sin Laidin go leor air, a Athair" arsa Tadg.
Ní dúirt an sagart a thuille ach d'imigh sé leis.7. Bhí saor-cloch ann fadó a dtugaidís Seán Fada Ó Ruairc air agus do dheineadh sé tighthe bréaghtha dos na daoine uaisle.
Dhein sé tigh do dhuine uasal babhta agus ba é an tigh be bhréaghtha sa tuaith é.
Chun ná beadh aon tigh níos bréaghtha ná é á dhéanamh ag Seán thóg an duine uasal an dréimire ón tigh nuair a bhí sé críochnaithe fé thiocfaidh Seán anuas.
Bhí an tigh críochnaithe ansan agus ní bhfuighead Seán ag liúirigh 'Mise Fada Ó Ruairc'. Dúirt duine acu leis lá "Tusa Seán Fada Fuar" arsa sé "nach fusa dá cloch a caitheamh anuas, thosnaigh sé ag caitheamh an tighe anuas arís. Chonaic an duine uasal é agus chuir sé suas an dréimeire arís cuige.(leanann ar an chéad leathanach eile)