Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na CaoirighÁit mhór do chaoirigh an parróiste seo, bíonn an-chuid caorach ag feirmeoiribh ar na sléibhtibh.
Na caoirigh a chómhnuigeann ar na sléibhtibh ní bhíonn siad mór, bíonn olann fada garbh ortha aighthe dubha agus adharca cama. Tá siadh fiadhain beagnách agus ní fhanfadh siad in aon áit ach ar na sléibhtibh.
Tugtar fóisg ar chaora ógh a bhíonn uain aice, molt ar shean-chaora, tugtar uasgán ar chaora atá níos mó ná aon bhlian amháin. Beireann an chaora uain ins an Earrach. Beireann gach caora dhá uain de gnáth ach uaireannta beireann sí trí nó ceithre chinn.
Baintear na h-earball des na h-uain le scin nuair a bhíonn siad ceithre nó cúig seachthmaine d'aois.
Tugann an feirmeoir an-aire dos na caoirigh, nigheann sé iad cúpla uair sa bhliain le uisge agus "Coppers Dip" chun na durróga a mharbhú. I mí bealtaine nightear na caoirigh insan abhann chun an olann do glanadh. Bearrtar iad annsan le deimheas, cuirtear na lomraí olna i málaibh agus díoltar iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)