Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 283
  3. XML “Petticoat Louise”
  4. XML “Scéal - Seán na Rósters”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal
    Seán na Rósters
    Bhí bean i dteannta Portláirge fadó agus bhí mac aici. D'fhan sé idir an cliabhán agus an leaba istigh, gur shrois sé blian is fiche. D'itheadh sé mias mór prátaí rósta trí h-uaire an lae agus peigín bainne.
    D'imthigh an bhean ó bhaile lá agus nuair nach raibh sí abhaile in am dinnéir d'éirigh Seán as an leabaidh agus bhí sé cómh mór san gur thóg se ceann an tighe ar a guailnibh. Ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé annsan agus chuaidh sé dtí tigh duine uasal a bhí gairid dóibh a dtugaidís Palastear air. D'iarr se roinnt adhmaid ar Phalaster chun ceann a chur ar an dtigh. Thugadar tuagh dó agus slabhra, do chuaidh sé amach sa choill agus do bhain sé leath dosaen crann, chuir se an slabhra timcheall ortha, thug se abhaile iad agus chuir sé ceann ar an tigh.
    Chuaidh sé arís dtí tigh Phalaster agus d'iarr sé beart tuighe air chun an tighe a dhíonú. Dubhairt sé leis é thógaint agus an mhéid tuighe a bhuail beirt fear san seachtmhain chuir sé téad timcheall air agus thóg sé leis ar a dhrom é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    R. Ó Riain