Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “An tSeanriabhach”
  4. XML “Domhnall an Tua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An t-Sean Riabhach:
    Fado riamh sa tsean aimsear bhí seana bhó ann go dtugaidís an tSean-Riabhach uirri. Nuair a bhí sí tar éis an Mhárta a chur dí agus droch Mhárta ba eadh é, "Anois a Mhárta" arsa sí, "mise neamh-spleádhach ledh dhicheall ar feadh bliadhna eile". "Fan go réidh", ars an Mhárta. D'iarr an Mhárta trí lá ar an Abrán chun deire a chur leis an tSean- Riabhach agus fuair sí na trí lá ó'n Abrán. Tháinig an chéad lá fluich, fuar, gaothmhar, níor tháinig a leithéid de lá ó shoin agus ní bhfuair an tSean- Riabhach teacht amach ó'n claidhe. Tháinig an tarna lá go breágh, grianmhar mar a thiocfadh lá sa Meitheamh agus chaith an tSean- Riabhach an lá 'á iompódh féin ós chionn na gréine. Tháinig an tríomhadh lá arís fiadhain, fuar, fliuch agus bhí an tSean- Riabhach gairid do bheith cailte leis an ocras. Chonnaic sí féar glas ag fás go breágh sa tuinn a bhí gairid di agus rith sí amach ó'n claidhe leis an ocras 'ghá ithe agus bascadh í. B'in í deire an tSean- Riabhach, "bíodh san agat anois a shean-Riabhach", ars an Mhárta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Domhnall an Tuagha:
    Bhí fear ann fadó a dtugaidís Domhnall an Tuagha air. Do chuaidh sé isteach go dtí siopa búistéara lá agus bhí sé ag féachaint ar an mbúistéar ag gearradh suas beithidhigh a bhí marbh aige. Nuair a bhí an beithidheach gearrtha suas ag an mbúistéar d'fhiafruigh sé de Domhnall an bhfeaca sé a leithéid de iarracht de thuagh ag aoinne riamh. Dubhairt domhnall go bhfeaca sé. "Cuirfidh mé púnt leath ná feaca tú," ars an mbuistéar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    R. Ó Riain