Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeighiseannaTá an-chuid leighiseanna ag na sean-daoine ar ghalair agus ar phianta sa pharróiste seo:
1. Tinneas Fiacal: Frog do chur in do bhéal go ceann cúig noimeataí nó scread a bhaint as frog le do fhiacla.
Fiacal chapaill gan iarraidh leigheas eile.2. Tinneas chinn: bláthanna na fearnóige do bheirbhiú in uisce agus é d'ól.3. Dóghadh: Duilleóga an láibhréil agus bluinig do bheirbhiú in uisce agus an meascadh a chimilt de'n bhall dóighte.
Teanga a chimilt de arc-luacra - leigheas eile.4. Galar buidhe: Tá daoine in a gcómhnuidhe sa pharróiste seo in aice na scoile agus leighiseann siad an galar buidhe. Beirbhigheann siad luibh eigin go bhfuil blath beag gorm air le leann agus ólann an duine tinn é leighiseann sé é.5. Faithní : Uisce cloiche gan iarradh: dá mbeiteá ag siubhal agus dá bhfeicfeá uisce i bpoillín i gcloich dá nighfeá na faithní ins an uisce do leighisfeadh sé iad.
Comhair na Croise a dhéanamh thar na faithní le píosa feola freiseálta agus an fheoil a chur ins an carn aoiligh. Nuair a lobhfadh an fheoil d'imitheochadh na faithní(leanann ar an chéad leathanach eile)