Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    5. Faithní: Seilcidhe a chimilt des na faithní agus an seilcidhe a chrocadh ar tor draighnighe nó tor spíonáin. Nuair a gheobhadh an seilcidhe bás d'imtheóchadh na faithní.
    6. Bruitíneach: Níl aon leigheas ar an bruitíneach ach fanúint ins an leabaidh. Tugtar leann nó inniúin beirbithe i mbainne dos na daoine cun na spotaí a chur amach go tapaidh.
    7. Buinní : 1. Má shiubhlann duine cosnochtaithe ar an drúcht naoi n-uaire in dhiaidh a chéile leighiseann sé buinní.
    2. Má nigheann duine na buinní ins an uisce meirgeach a bhíonn sa díg trí h-uaire leighisfidh sé iad.
    8. Teine Fiadh: 1. Fuil chait dhuibh a chimilt de'n áit.
    2. Aoine dárbh ainm dó O'Chathail má phriocann sé a mhéar go dtagann an fuil agus má chimleann sé an teine fiadh leis an fuil trí h-uaire leighisfidh sé an teine fiadh go tapaidh.
    9. Fárthainne: 1. Bluinig agus cloch ghorm a mheascadh le chéile agus é chimilt de'n áit.
    2. Ainm an duine a scríobhadh mór-thimcheall na háite le dubach.
    3. Luaithreach tobaic a chimilt de'n áit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge