Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Scéal - Seán na Rósters”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an tigh díonuighthe aige nuair a tháinig a mháthair sa bhaile.
    Nuair a chonnaic Palaster an neart a bhí ann tháinig eagla air dá bhfanfadh se ins an áit go marbhóchadh sé iad go léir. Chuir sé fios ar bhean feasa agus d'fhiafruigh sé dhi cad a dhéanfadh sé leis. Dubhairt sí leis, "Ná fuil pumpa mór ins an maca agat ná fuil tú ag abhcáid a cuige?" ar sise. "Líon an pumpa le cloca móra agus cuir Seán síos ann ag sochrú na gcloc agus is furus dibh annsan é mharbhú leis na carraigeacha mór".
    Do chuaidh sé síos ins an pumpa agus chuir Palaster triúr fear ag caitheamh na gcloch síos dtí é cómh mear is do bféidir leo é. Nuair a bhí an pumpa gairid do bheith lán chonnacadar Seán ag eirighe aníos ar bharra na gcloch agus do theicheadar. Ní dubhairt Seán dada mar shíl sé ná rabhadar ag déanamh dada ach ag líonadh an pumpa.
    Nuair a chonnaic Palaster ag eirighe é chuir sé fios ar an mbean feasa arís agus d'fhiafruigh sé dhi cad a dhéanfaoi anois. "Ná fuil driotháir agat ins an arm", ar sise, "cuir Seán le leitir dtí é agus abair ins an leitir led' dhriotháir é lámhach.
    Do chuaidh sé leis an leitir dtí an driotháir a bhí 'na oifigeach san Arm. Do léigh se an leitir agus d'fhéach sé ar Seán. "Seasaigh síos annsan", arsa sé. "agus cuir do dhrom leis an bhfalla". Do dhein Seán mar a dubhradh leis agus do ghlaoidh an t-Oifigeach ar leath-dhosaen
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    R. Ó Riain